Cartlann Staire ESB
Tá ceann de na cartlainne príobháideacha is tábhachtaí in Éirinn ag ESB ina bhfuil cuntas inti ar stair an leictreachais in Éirinn. I gCartlann ESB, a bunaíodh i 1991, tá bailiúchán suntasach a léiríonn mar a chuidigh an chuideachta le forbairt shóisialta agus eacnamaíochta na hÉireann le hos cionn 90 bliain.
Ábhar na Cartlainne
Sa mbailiúchán cartlainne, tá taifid agus ábhar ó Aonaid Ghnó ESB agus ón Ionad Corparáide. I measc an ábhair tá foinsí tábhachtacha staire mar:
- Ábhar a bhaineann le fóntais leictreachais in Éirinn roimh bhunú ESB.
- Forbairt Scéim na Sionainne
- Forbairt na stáisiún móna
- Scéim Leictriú na Tuaithe in Éirinn
- Taifid na hoibre dáileacháin
- Ábhar margaíochta agus promóisin a bhaineann le ESB
- Bailiúchán grianghraf, scannán agus físeán/DVD
- Tuarascálacha bliantúla ESB agus staidéir tionscail leictreachais
An fáth a bhfuil cartlann ESB tábhachtach?
Cé gur thosaigh an chartlann beag, is foinse thábhachtach eolais anois Cartlann ESB ar stair an tsoláthair leictreachais in Éirinn ó dheireadh an chéid seo caite go dtí an lá atá inniu ann.
Chomh maith le léiriú a thabhairt ar an ról a bhí ag an gcuideachta i dtionsclú agus i gcathrú na hÉireann tá taifead ann ar an infheistíocht mhór a rinne ESB thar na mblianta chun réimse leathan scileanna teicniúla agus eile a fhorbairt.
Cé atá ábalta teacht ar Chartlann ESB?
Is acmhainn shaibhir í an tsaoráid Cartlainne atá ar fáil dóibhsean a bhfuil suim acu tabhairt faoi obair thaighde ar obair ESB i gcúrsaí forbartha agus nuálaíochta ó bunaíodh é i 1927.
Más mian leat tuilleadh eolais a fháil ar chartlanna ESB nó más mian leat aon ábhar a bheadh ábhartha a bhronnadh ar an gcartlann seol ríomhphost chugainn ag esbarchives@esb.ie.
Tá Cartlann ESB lonnaithe ag:
Ascaill Parnell
Crois Araild Baile
Átha Cliath 6
Éire
D02 KT92
T: 00353 1 604 2132
*Is é beartas na cuideachta bailiúchán cartlainne ESB a fhorbairt agus a fheabhsú "ar bhealach a thugann cosaint d'oidhreacht tráchtála, shóisialta agus cultúir an Bhoird ar mhaithe le ESB agus an pobal i gcoitinne."