Sa ESB, is mian linn gealadh a bheith faoi na glúine atá le teacht.
Sa ESB, sílimid gur cheart do leictreachas leas na sochaí agus an gheilleagair a dhéanamh agus gur cheart rochtain a bheith ag gach saoránach ar sholáthar sábháilte, inmharthana agus inacmhainne.
Ó bunaíodh ESB i 1927, táimid ag dréim le solas agus fuinneamh a thabhairt chuig muintir na hÉireann chun deis a thabhairt do dhaoine agus do phobail barr a gcumais a bhaint amach i ngach gné den saol.
Leanaimid orainn sa lá atá inniu ag iarraidh dul chun cinn agus athruithe a dhéanamh, ag dul i mbun nuálaíochta agus ag athrú de shíor chun go mbeimid i dtiúin leis an tsochaí agus chun gur féidir leis an bpobal brath orainn.
Ó thaobh sinne de, ní ag iarraidh buntáistí gearrthréimhseacha a bhaint amach atáimid. Is é a thiomáineann sinn ná fonn a bheith orainn réiteach a fháil ar nithe inniu a mbainfidh na glúine atá le teacht tairbhe as.
Táimid ag baint leasa as ár gcuid acmhainní chun go mbeidh na glúine atá le teacht in ann tairbhe a bhaint as ár seirbhísí, ag cur oiliúna ar dhaoine agus ag obair i gcomhar lenár bpáirtithe chun saol ár gcustaiméirí a fheabhsú, dul chun cinn eacnamaíochta a bhrú ar aghaidh agus inmharthanacht a chinntiú don am atá le teacht
Féachaimid le bheith ar thús cadhnaíochta ó thaobh na sábháilteachta sa tionscal seo, le bheith inár n-oibritheoir den chéad scoth, inár saoránach maith corparáideach, agus inár bhfostóir fórsa oibre atá cliste, tiomanta agus sláintiúil.
ESB, ag baint lántairbhe as ár n-acmhainní chun go mbeidh gealadh faoin am atá le teacht
Ár bhFís
Bheith ar phríomhchuideachta fuinnimh na hÉireann, ag dul san iomaíocht sa mhargadh uile-oileánda agus rath a bheith ar ár n-iarrachtaí.
Ár Misean
Réitigh fuinnimh inmharthana agus iomaíocha a thabhairt dár gcustaiméirí ar fad.
Luachanna ESB
Tabharfaimid tús áite i gcónaí do shábháilteacht na foirne, conraitheoirí, custaiméirí agus an phobail, ag féachaint lenár sprioc, nach dtarlódh aon ghortuithe ná timpistí, a bhaint amach.
Tá meas againn ar a chéile mar fhostaithe de BSL agus bímid ionraic, macánta inár gcuid gnóthaí ar fad lenár gcustaiméirí, ár bpáirtnéirí, ár bpáirtithe leasmhara agus an pobal trí chéile, áit a gcloímid leis na caighdeáin eitice is airde dá bhfuil ann.
- Seirbhís Iontaofa agus Praghsanna Maithe
Cuirimid earraí agus seirbhísí ar fáil dár gcustaiméirí uile atá iontaofa agus go maith ó thaobh praghais de, agus féachaimid le sinn féin a fheabhsú i gcaitheamh an ama.
Téimid i ngleic leis na dúshláin atá roimh an earnáil fuinnimh agus féachaimid i gcónaí le réiteach nua, cruthaitheach agus inmharthana a fháil a shásóidh riachtanais ár gcustaiméirí.
Cuirfimid oscailteacht agus comhoibriú chun cinn san uile ní a dhéanaimid agus forbraímid scileanna daoine le go mbainfidh siad barr a gcumais amach.